Skip to main content
LOGIN REGISTER

Search-Courses

Category

Fóram Feasa Beo! 20 Meán Fómhair 2025

Is tionscnamh ceannródaíoch líonraithe agus pobail cleachtais é Fóram Feasa agus reáchtáiltear ceardlanna i rith na bliana freisin, mar a deir an mana, "Múinteoirí ag tacú le múinteoirí eile."  

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Fóram Feasa Beo! ar siúl ar an Satharn, 20 Meán Fómhair 2025 i nGaelcholáiste Luimnigh.  Teacht le chéile do mhúinteoirí ag an iar-bhunleibhéal a fheidhmíonn i suíomh lán-Ghaeilge. Beidh meascán de cheardlanna, aoi-chainteoirí, spléachadh ar acmhainní nua agus eile. 

Cuirfear fáilte roimh mhúinteoirí ó scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí lasmuigh den Ghaeltacht agus Aonaid lán-Ghaeilge.  Freisin, le cinntiú go bhfuilimid ag freastal ar riachtanais reatha na múinteoirí, chabhródh sé go mór tuairimí a roinnt linn.  Déanfar gach iarracht lá cuimsitheach a sholáthar a fhreagraíonn mianta na múinteoirí.

Bígí linn!

Register here Live Knowledge Forum or with the QR code below.

mceclip.jpg

blobid0.jpg