Skip to main content
LOGIN REGISTER

Search-Courses

Category

DALI4US (Data Literacy for Upper Primary Schools) Project in Ireland 2025/2026

The Oide Digital Technologies team are delighted to announce the launch of the DALI4US (Data Literacy for Upper Primary Schools) Project in Ireland for the 2025/26 school year. We are excited to share details of this Erasmus+ funded initiative, which we are leading in collaboration with partners in Luxembourg and Slovenia.

What is DALI4US?
DALI4US (Data Literacy for Upper Primary Schools) aims to equip primary school teachers with the necessary confidence, knowledge, skills, and attitudes to teach data literacy effectively.

By empowering primary school teachers to teach data literacy, we prepare students for the digital age and help them become knowledgeable and engaged citizens in a world focused on data. Through inquiry-based learning experiences, we will explore opportunities to integrate data literacy across the primary curriculum.

Project Highlights:

  • Innovative focus: This project introduces upper primary students (5th and 6th class) to data literacy that goes beyond statistical literacy in mathematics, helping them understand how data informs the digital world, including the principles behind AI and large language models.
  • Hands-on learning: Students will engage in inquiry-based, cross-curricular activities, from data collection and classification to storytelling and prediction using OrangeEDU software. This is free software for machine learning and data mining that has been tailored for this project.
  • Teacher empowerment: Participating teachers will gain confidence and skills to integrate data literacy into their teaching, with ready-to-use classroom scenarios aligned with the new Primary Curriculum Framework (NCCA, 2023) and accompanying specifications.

Professional Learning Programme:
Participation in the initiative entails attendance on the following key dates:

Professional Learning
Event 1 - 6 th November 2025 Dublin West ESC

Professional Learning
Event 2 - 4 th December 2025 Drumcondra ESC

Professional Learning
Event 3 - 10 th February 2026 Dublin TBC

Professional Learning
Event 4 - 23 rd April 2026 Dublin TBC

Shared Learning Day

9 th June 2026 Drumcondra ESC

Online check-ins

22 nd January and 18 th March 2026

Substitute cover will be provided for participating teachers, and travel/subsistence will be reimbursed at the National Programme training rate.

To express your school’s interest, simply complete the Expression of Interest Form ( https://forms.office.com/e/F6ScfeNuSp) by 5:00pm on 16 October 2025.

Only one submission per school is required. Schools will be randomly selected to participate, and successful applicants will be contacted in due course.

A flyer with further details is also attached. If you have any questions, please don’t hesitate to get in touch.

dali4us

Tá lúcháir ar Fhoireann na dTeicneolaíochtaí Digiteacha Oide a fhógairt gur seoladh tionscadal DALI4US in Éirinn (Data Literacy for Upper Primary School, is é sin Litearthacht Sonraí le haghaidh Ardranganna na Bunscoile) le haghaidh na bliana scoile 2025/26. Is cúis áthais dúinn na sonraí maidir leis an tionscamh sin a mhaoinítear trí Erasmus+ a roinnt. Beimid i gceannas ar an tionscamh i gcomhar lenár gcomhpháirtithe san Lucsamburg agus sa tSlóivéin.

Cad is DALI4US ann?
Is é aidhm DALI4US ná múinteoirí bunscoile a theagasc chun go mbeadh an mhuinín, eolas, scileanna, agus dearcaí acu le litearthacht sonraí a mhúineadh go héifeachtach.

Déanaimid múinteoirí bunscoile a chumasú chun litearthacht sonraí a mhúineadh ionas go mbeidh scoláirí ullamh don ré dhigiteach agus go mbeidh siad ina saoránaigh eolacha a bhíonn rannpháirteach i ndomhan a dhíríonn ar shonraí. Bainfimid úsáid as eispéiris ar bhonn fiosraithe ag féachaint le teacht ar dheiseanna chun litearthacht sonraí a chomhtháthú thar an gcuraclam bunscoile.

Buaicphointí an Tionscadail:

  • Fócas nuálach: Tríd an tionscadal seo, cuirfear scoláirí ardranganna (rang a Cúig is rang a Sé) ar an eolas faoi litearthacht sonraí atá níos cuimsí ná litearthacht staitistiúil sa mhatamaitic agus cabhrófar leo tuiscint a fhorbairt ar conas a dhéanann sonraí eolas don domhan digiteach, lena n-áirítear na prionsabail taobh thiar de IS agus de shamhlacha teanga móra.
  • Foghlaim phraiticiúil: Pléifidh scoláirí le himeachtaí traschuraclaim ar bhonn fiosraithe, ó bhailiú sonraí agus rangú go scéalaíocht agus tuar, ag baint úsáid bogearraí OrangeEDU. Bogearraí saor-in-aisce iad sin le haghaidh meaisínfhoghlama agus mianadóireacht sonraí a cuireadh in oiriúint i gcomhair an tionscadail seo.
  • Cumasú Múinteora: Cuirfear le muinín agus le scileanna na múinteoirí a ghlacann páirt ann chun litearthacht sonraí a chomhtháthú ina gcuid teagaisc sa seomra ranga a ailíníonn le Creatchuraclam Nua na Bunscoile (CNCM, 2023) agus sonraíochtaí atá leis sin.

Clár Foghlama Gairmiúla:
Chun bheith páirteach, teastaíonn freastal ar na dátaí tábhachtacha seo a leanas:

Eispéaras Foghlama
Gairmiúla 1 - 6 Samhain 2025 Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar

Eispéaras Foghlama
Gairmiúla 2 - 4 Nollaig 2025 Ionad Oideachais Dhroim Conrach

Eispéaras Foghlama
Gairmiúla 3 - 10 Feabhra 2026 Baile Átha Cliath TBC

Eispéaras Foghlama
Gairmiúla 4 - 23 Aibreán 2026 Baile Átha Cliath TBC

Lá Foghlama Comhroinnte - 9 Meitheamh 2026 Ionad Oideachais Dhroim Conrach

Imeachtaí ar líne 22 Eanáir and 18 Márta 2026

Cuirfear clúdach ionadaíochta ar fáil do mhúinteoirí a ghlacann páirt ann, agus tabharfar taisteal/cothú ar fáil de réir ráta oiliúna an Chláir Náisiúnta.

Má theastaíonn ó scoil spéis a léiriú, níl le déanamh ach an Fhoirm um Léiriú Spéise a líonadh faoi 5:00pm ar an 16 Deireadh Fómhair 2025. Ní ceadaithe ach aon iarratas amháin an scoil. Roghnófar scoileanna go randamach chun páirt a ghlacadh, agus déanfar teagmháil le hiarratasóirí rathúla faoi dheireadh na míosa seo.

Seo duit faoi iamh fográn a bhfuil a thuilleadh sonraí ann. Má tá ceist ar bith agat, bí i dteagmháil linn.

Le gach dea-ghuí,

Aoife Flanagan
— —
Aoife Flanagan
Ceannaire Sinsearach | Senior Leader
— —

Seirbhís Tacaíochta de chuid na Roinne Oideachais agus Óige
A Department of Education and Youth Schools’ Support Service

Oifig an Stiúrthóra Bainistíochta, Sráid an tSéipéil, Dún Dealgan, A91 C7D8.
Managing Directors Office, Chapel Street, Dundalk, A91 C7D8.
— —
www.oide.ie

dali4us english

dali4us eng