
Foghlaim agus Cleachtadh na Gramadaí sa mheánscoil le Tomás Ó Madagáin
DATE: ar an Máirt, an 29ú de mhí na Samhna 2022
TIME: 18:00 - 19:00
VENUE: Online Via Zoom
Tabharfaidh Tomás Ó Madagáin ceardlann ar fhoghlaim na Gramadaí sa seomra ranga. Beidh an cheardlann seo ar líne amháin agus beidh sé ar siúl idir 18.00 agus 19.00 ar an Máirt, an 29ú de mhí na Samhna 2022.
Sa cheardlann:
- Tasipeánfar na bealaí is éifeachtaí leis an ngramadach a mhúineadh ag baint úsáide as an leabhar Foghlaim agus Cleachtadh.
- Léireofar acmhainní úsáideacha mar shampla Cur i Láthair PowerPoint agus Cluichí Gramadaí Quizlet atá ar fáil leis an leabhar Foghlaim agus Cleachtadh.
- Ar an tráthnóna imreoidh na rannpháirtithe cluiche amháin trí Quizlet beo mar chuid den cheardlann. Gheobhaidh buaiteoirí an chluiche seo dearbhán do chách.
Múineann Tomás Ó Madagáin Gaeilge agus Gnó in Ardscoil Mhuire, Corrbhaile, Luimneach. Is Scrúdaitheoir Béil é a bhfuil taithí na mblianta aige le Coimisiún na Scrúduithe Stáite. Scríobh sé dá leabhar do Gill Education, Foghlaim agus Cleachtadh, leabhar gramadaí do dhaltaí meánscoile agus Bua na Teanga, leabhar do bhéaltriail agus do chluastuiscint na hArdteiste.
Course Properties
Course date | 29-11-2022 6:00 pm |
End Date | 29-11-2022 7:00 pm |
Capacity | 500 |
Fee | Free |
Tutor - Speaker | Tomás Ó Madagáin |
Select Hours | 1 |
Location | Online via Zoom |
Course Full