Scrúdú Béil na hArdteistiméireachta: Cur Chuige agus Cleachtais Éifeachtacha don Seomra Ranga
Dáta: Dé Céadaoin, 4 Márta 2026
Am: 8.00 – 9.00 pm
Ionad: Ar líne trí Zoom
Sprioclucht féachana: Múinteoirí Gaeilge atá ag ullmhú daltaí ardleibhéal agus gnáthleibhéal do Bhéalscrúdú na hArdteistiméireachta
- Díreofar ar an Scrúdú Béil, i gcomhthéacs struchtúir agus critéir mheasúnaithe an Choimisiúin um Scrúduithe Stáit (SEC).
- Roinnfear smaointe maidir le hacmhainní teagaisc praiticiúla chun scileanna cainte agus cumarsáide na ndaltaí a fhorbairt.
- Pléifear modhanna teagaisc éifeachtacha chun ceachtanna gníomhacha agus idirghníomhacha a fhorbairt.
- Léireofar samplaí praiticiúla ón seomra ranga chun daltaí a ullmhú don Scrúdú Béil.
Beathaisnéis an láithreora: Siobhán Ní Mhurchu

Múinteoir Gaeilge agus Corpoideachais í Siobhán atá ag múineadh i scoil T1 & T2 le níos mó ná 15 bliana. Tá taithí aici le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir scríofa agus ar na Béaltrialacha.
Chaith sí dhá bhliain mar Fheidhmeannach Gael Linn ag obair ar an scéim Gaelbhratach. Tá sí ag obair faoi láthair ar Studyclix mar shaineolaí ábhair.
Course Properties
| Course date | 04-03-2026 8:00 pm |
| End Date | 04-03-2026 9:00 pm |
| Capacity | 1000 |
| Fee | Free |
| Tutor - Speaker | Siobhán Ní Mhurchu |
| Select Hours | 1 |
| Location | Online via Zoom |