Cur Chuige Éifeachtacha i dteagasc na Filíochta 2027: Dínit an Bhróin le hAilbhe Ní Ghearbhuigh agus Glaoch Abhaile le hÁine Ní Ghlinn (PP)
Cur Chuige Éifeachtacha i dteagasc na Filíochta 2027: Dínit an Bhróin le hAilbhe Ní Ghearbhuigh agus Glaoch Abhaile le hÁine Ní Ghlinn
Dáta: Dé Céadaoin, 11 Márta 2026
Am: 8.00 – 9.00 pm
Ionad: Ar líne trí Zoom
Sprioclucht féachana: Múinteoirí Gaeilge atá ag ullmhú daltaí ardleibhéal agus gnáthleibhéal do chúrsa na hArdteistiméireachta 2027
Tabharfar léargas ar dhá dhán atá ar shonraíocht na hArdteistiméireachta 2027 – Dínit an Bhróin le hAilbhe Ní Ghearbhuigh agus Glaoch Abhaile le hÁine Ní Ghlinn.
Díreofar ar bhrí na ndánta, ar na téamaí lárnacha agus ar na mothúcháin a chuirtear in iúl iontu, i gcomhthéacs chritéir mheasúnaithe an Choimisiúin um Scrúduithe Stáit.
- Déanfar anailís ar na teicnící filíochta agus ar ghnéithe teanga a thacaíonn le freagairt phearsanta, léirmhíniú criticiúil agus freagra forbartha — príomhghnéithe de mheasúnú na hArdteistiméireachta.
- Pléifear cur chuige éifeachtacha chun daltaí a ullmhú do cheisteanna scrúdaithe,
- Molfar tascanna ranga a chuireann le forbairt scileanna scríofa agus scrúdaithe na ndaltaí.
Beathaisnéis an láithreora: Siobhán Ní Mhurchu

Múinteoir Gaeilge agus Corpoideachais í Siobhán atá ag múineadh i scoil T1 & T2 le níos mó ná 15 bliana. Tá taithí aici le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir scríofa agus ar na Béaltrialacha.
Chaith sí dhá bhliain mar Fheidhmeannach Gael Linn ag obair ar an scéim Gaelbhratach. Tá sí ag obair faoi láthair ar Studyclix mar shaineolaí ábhair.
Course Properties
| Course date | 11-03-2026 8:00 pm |
| End Date | 11-03-2026 9:00 pm |
| Capacity | 1000 |
| Fee | Free |
| Tutor - Speaker | Siobhán Ní Mhurchu |
| Select Hours | 1 |
| Location | Online via Zoom |