Prós na hArdteistiméireachta 2027: Athair le Micheál Ó Conghaile agus Cuairteoir le hOrna Ní Choileáin (PP)
Prós na hArdteistiméireachta 2027: Athair le Micheál Ó Conghaile agus Cuairteoir le hOrna Ní Choileáin
Dáta: Dé Céadaoin, 18 Márta 2026
Am: 8.00 – 9.00 pm
Ionad: Ar líne trí Zoom
Sprioclucht féachana: Múinteoirí Gaeilge atá ag ullmhú daltaí ardleibhéal agus gnáthleibhéal do chúrsa na hArdteistiméireachta 2027
Tabharfar léargas ar dhá théacs próis atá ar shonraíocht na hArdteistiméireachta 2027 – Athair le Micheál Ó Conghaile agus Cuairteoir le hOrna Ní Choileáin.
Ag deireadh an tseimineáir seo, beidh rannpháirtithe in ann:
- téamaí, mothúcháin agus brí lárnacha na scéalta a shoiléiriú
- príomhtheicnící próis agus gnéithe teanga a aithint agus a mhíniú
- freagairt phearsanta agus léirmhíniú criticiúil na ndaltaí a threorú
- daltaí a ullmhú go héifeachtach do cheisteanna scrúdaithe próis
- tascanna ranga a dhearadh chun scileanna scríofa agus scrúdaithe na ndaltaí a fheabhsú
Beathaisnéis an láithreora: Siobhán Ní Mhurchu

Múinteoir Gaeilge agus Corpoideachais í Siobhán atá ag múineadh i scoil T1 & T2 le níos mó ná 15 bliana. Tá taithí aici le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir scríofa agus ar na Béaltrialacha.
Chaith sí dhá bhliain mar Fheidhmeannach Gael Linn ag obair ar an scéim Gaelbhratach. Tá sí ag obair faoi láthair ar Studyclix mar shaineolaí ábhair.
Course Properties
| Course date | 18-03-2026 8:00 pm |
| End Date | 18-03-2026 9:00 pm |
| Capacity | 1000 |
| Fee | Free |
| Tutor - Speaker | Siobhán Ní Mhurchu |
| Select Hours | 1 |
| Location | Online via Zoom |